'Leabhar' an Ghaeilge liom - ábhar léitheoireachta na Nollag

IS FADA clú ar an Ghúm as leabhair shnasta d’ardchaighdeán a chur ar fáil do dhaoine óga agus arís i mbliana tá meascán maith…

IS FADA clú ar an Ghúm as leabhair shnasta d’ardchaighdeán a chur ar fáil do dhaoine óga agus arís i mbliana tá meascán maith ann d’aoisghrúpaí éagsúla, ó leanaí réamhscoile go déagóirí agus cúpla ceann ann fosta do dhaoine fásta. Seoladh foilseacháin na bliana i mBaile Átha Cliath Déardaoin seo caite.

Is iad na déagóirí, dar liom, an dream is deacra leabhar Gaeilge a scríobh dóibh. Is gnách cumas i bhfad níos fearr acu i mBéarla ná i nGaeilge agus go hiondúil is i mBéarla a phléann siad na hábhair a bhfuil suim acu iontu.

Is mór an dúshlán do scríbhneoir leabhar Gaeilge a scríobh i dteanga atá simplí go leor don ghnáthdhéagóir ach an scéal sofaisticiúil go leor chun suim an déagóra a choinneáil go deireadh.

Thug colúnaí an Irish Times, Alan Titley, faoin dúshlán sin i Gluaiseacht(€7.50), úrscéal gearr ina ndéanann ógánach ó lár na hAfraice cur síos ar a thuras go cathair i dtuaisceart na hEorpa.

READ MORE

Cuirfidh stíl inste an scéil seo iontas ar léitheoirí atá cleachtaithe leis an Ghaeilge shaibhir a bhíonn ag Titley ina cholún seachtainiúil sa pháipéar seo.

Is ar éigean focal i Gluaiseachtnach mbeadh ar eolas ag dalta idirbhliana ar an mheánscoil, ach trí úsáid abairtí gearra gonta agus athrá éiríonn leis an údar uafás na cogaíochta, triomacht an ghaineamhlaigh, brúidiúlacht lucht ceannais agus anró teifeach i dtír strainséartha a chur in iúl. Leabhar é a bhfuil ábhar machnaimh ann d'óg agus d'aosta araon agus d'fhéadfadh cuid de na ceisteanna tromchúiseacha a chuirtear ann díospóireacht bhríomhar a spreagadh i rang scoile nó i rang d'fhoghlaimeoirí fásta.

Is eol do mhúinteoirí bunscoile na pacáistí léitheoireachta a chuirtear ar fáil sa tsraith Séideán Sí. Ar na leabhair léitheoireachta atá sa tsraith i mbliana tá dhá scéal, a bheadh oiriúnach do pháistí rang a cúig, Cine Shiabhra le Clare Lyons(€8.00) agus An Marcach Ógle Pádraig Ó Baoighill (€8.00) Tá stíl inste thar a bheith taitneamhach ag Lyons agus í ag cur síos ar an tslí inar éirigh leis an leathchúpla, Saileog, a bhfuil bua teangacha aici, áit chónaithe ar dhromchla an domhain a aimsiú dá muintir, Cine Shiabhra, a bhí ina gcónaí faoin talamh ar feadh na mílte bliain.

Éiríonn leis an údar an draíocht a fhí isteach sa scéal ar bhealach a bheadh inghlactha ag páistí den aois sin agus snaidhmeann sé snáthanna an scéil le chéile go healaíonta.

Is minic gearán ag Ultaigh gur beag leabhar a chuirtear ar fáil do pháistí i nGaeilge Chúige Uladh. Cé gur cainteoir dúchais as Rann na Feirste é údar An Marcach Óg, Pádraig Ó Baoighill, agus nathanna cainte Gaeilge Thír Chonaill sa leabhar ní imíonn sé ón chaighdeán agus d'fhéadfadh páistí áit ar bith sa tír é a léamh gan dua.

Scéal simplí é faoi bhuachaill óg ó thaobh thoir na Banna i 1950í na haoise seo caite atá ag iarraidh obair a fháil ó thraenálaí mór capall sa cheantar. Cé go ndéantar tagairt don deighilt creidimh sa taobh sin tíre ní dhéantar forbairt uirthi.

Ainneoin Dónall Óg bheith ina éan corr sna stáblaí i gCoill na Baice, siocair formhór na bhfostaithe bheith ina mbaill den Ord Oráiste, éiríonn leis post ar leith a fháil mar ghiolla capall rása.

De réir chatalóg an Ghúim is do pháistí os cionn a hocht atá an leabhar Cá bhfuil tú, a Phádraig?le Lára Nic Oireachtaigh (€15.00) ach b'fhéidir go bhfuil ceacht le foghlaim ag go leor daoine fásta as chomh maith. Scéal tráthúil atá ann faoi Theamhair, faoin mhótarbhealach nua agus faoin réiteach a mholann Pádraig Naofa d'Aoife agus don lucht agóide. Tá dearadh an leabhair seo an-tarraingteach agus is í an t-údar féin a mhaisigh é.

Don aoisghrúpa céanna atá Gruaig Fhinn(€7.00), athinsint nua bhríomhar le Tadhg Mac Dhonnagáin ar sheanscéal Fiannaíochta. Bhí cáil ar Fhionn Mac Cumhaill riamh mar gheall ar a fholt breá órga ach dála go leor eile a théann in aois tá dath liath ag teacht air.

Do na leanaí an-óg tá leabhar eile sa tsraith cháiliúil le Eric Hill faoin mhadadh beag Bran agus Bran agus a Mhúinteoir(€4.95) mar theideal air. Is ríshuimiúil an obair ealaíne atá i Taibhsí sa Teachle Katzuno Kohara (€5.50), scéal faoi sheanteach aisteach agus ghirseach bheag nach bhfuil eagla ar bith uirthi roimh thaibhsí.

Más ag lorg bronntanais do ghirseach óg atá tú ba dheacair Nóinín agus Róllaí Póllaíle hEibhlís Ní Dhonnchadha a shárú. Saothar gleoite as tobar dúchais Rinn Ó gCuanach atá ann agus idir véarsaíocht agus phrós ann. Agus dlúthdhiosca ag gabháil leis is sladmhargadh ceart é ar €9.50.

Agus más duine tú atá ag smaoineamh ar fheabhas a chur ar do chumas scríbhneoireachta féin b'fhiú go mór an dá leabhar atá curtha ar fáil ag an Ghúm don phobal mór bheith i do sheilbh, Athdhíolaim d'Abairtí Dúchasachale Maolmhaodhóg Ó Ruairc (€8.50) agus Cén Sort É?le Tomás Ó Fiacháin (€9.50). I 1996 a foilsíodh Díolaim d'Abairtí Dúchasachachun cuid den saibhreas teanga atá imithe ón chaint a chur ar ais sa chúrsaíocht.

Mar a deir an t-údar i réamhrá Athdhíolaim d'Abairtí Dúchasachadá bhféadfaí múnlaí cainte dúchasacha na Gaeilge a chur ar ais sa ghnáthchaint nó sa ghnáthscríbhinn tá an seans ann go bhféadfaí tógáil orthu agus greim a fháil ar ais ar an meon a ghin iad a chéaduair.

Feictear sna habairtí atá sa díolaim, deir sé “nach fearrde an Ghaeilge abairt a aistriú focal ar fhocal,” comhairle nár mhiste do na húdaráis atá freagrach as an leagan Gaeilge de chomharthaí poiblí aird a thabhairt uirthi.